Is clár taighde idirnáisiúnta é Future Earth a seoladh i mí an Mheithimh 2012 chun eolas ríthábhachtach a sholáthar a theastaíonn do shochaithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a chruthaíonn athrú comhshaoil domhanda agus chun deiseanna a aithint le haghaidh aistriú chuig inbhuanaitheacht dhomhanda.
Tugann an achoimre seo den Tuarascáil Dearaidh Tosaigh forbhreathnú ar dhearadh tosaigh Future Earth, ina bhfuil creat taighde agus struchtúr rialachais, réamh-mhachnamh ar chumarsáid agus rannpháirtíocht, forbairt acmhainní agus straitéisí oideachais, agus treoirlínte feidhmithe.