D’oibrigh sé ag an Max-Planck-Institut für Kernphysik in Heidelberg, an Ghearmáin, sular fhill sé ar Bhaile Átha Cliath i 1986 mar Ollamh Sinsearach in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath áit a bhfuil sé anois ina ollamh emeritus le Réaltfhisic. Bhí sé ina Rúnaí Caidrimh Idirnáisiúnta ar Acadamh Ríoga na hÉireann ó 2003 go 2007 agus ina Uachtarán ó 2011 go 2014. Faoi láthair tá sé ina Leas-Uachtarán ar ALLEA, Cónaidhm Acadaimh Eorpacha, agus ina Chathaoirleach ar a Thascfhórsa Oscailte Eolaíochta.
Bhain Luke Drury céim amach sa mhatamaitic íon agus san fhisic turgnamhach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i 1975 agus rinne staidéar iarchéime ina dhiaidh sin in Institiúid na Réalteolaíochta, Cambridge UK (PhD 1979).
Nuashonraíodh an leathanach seo i mí an Mheithimh 2024.