Is scannánóir agus taiscéalaí clúiteach é James Cameron. Le 15 bliana anuas d'fhorbair Cameron córais ceamara 3D ceannródaíocha do scannáin agus do chláir faisnéise, chomh maith le haghaidh spóirt chraolta agus imeachtaí speisialta. D’fhorbair sé freisin feithiclí taiscéalaíochta domhain-aigéin, soilsiú agus trealamh ceamara 3D. Is Taiscéalaí Cónaitheach National Geographic é James Cameron, agus faighteoir an ghradaim iomráiteach, Bonn Hubbard, chomh maith le bonn an Explorer's Club le haghaidh Taiscéalaí na Bliana. Tá baint phaiseanta ag Cameron freisin le saincheisteanna inbhuanaitheachta, tar éis dó Fondúireacht Avatar Alliance a bhunú chun beart a dhéanamh ar athrú aeráide, beartas fuinnimh, dífhoraoisiú, cearta dúchasacha, caomhnú aigéin agus talmhaíocht inbhuanaithe. Tá sé i mbun feachtais ar son cearta dúchasacha agus a streachailt in aghaidh cúngú na tionsclaíochta sa Bhrasaíl agus i gCeanada.
Nuashonraíodh an leathanach seo i mí na Bealtaine 2024.